Táillí

Last updated at 16:23 on 19/02/2019

Tá roinnt rialachán i ndáil le Táillí déanta ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, maidir le hoibriúchán na hOifige Luachála agus an Bhinse Luachála agus tháinig siad i bhfeidhm an 20 Iúil 2015. Is féidir teacht ar na rialacháin ar ár leathanach maidir le Reachtaíocht.

Táillí Oifigí Poiblí a tháinig i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair, 2015

Má tá cód ceannaigh faighte agat ón oifig cheana féin is féidir leat aon chuid dár seirbhísí Oifige Poiblí a íoc le Cárta Creidmheasa / Cárta Dochair

Sleachta Deimhnithe ó na Liostaí Luachála
Leibhéal na Táille  
Sliocht ón Liosta Luachála Reatha
€10
Sliocht i ndáil le bliain faoi leith
€50
Sliocht ó 1950 go dtí seo
€100
Sliocht ó 1900 go dtí seo
€150
Sliocht ó 1850 go dtí seo
€200
Cóipeanna de Léarscáileanna agus de Leabhair Chartlainne
Leibhéal na Táille 
Cóip de Léarscáil atá Deimhnithe ag an Oifig Luachála
€50
Léarscáil Reatha/Griffith (bileog iomlán den mhéid A0)
€15
Léarscáil Reatha/Griffith den mhéid A3/A4 (fótachóip)
€1
Léarscáil de chuid an Aontais Cartlainne den mhéid A3/A4 (fótachóip)
€3
Fótachóip daite de Leabhar; in aghaidh na míre
€1
Fiosrúchán ar Ríomhphost nó ar an bPost
€30
Postas (baineann seo le gach teastas agus léarscáil)
Leibhéal na Táille 
Post Cláraithe
€6

Táillí Luachála

An Cineál Seirbhíse
Leibhéal na Táille 
Táillí Athbhreithnithe Luachála (in aghaidh na Luachála)
€250
Iarratais faoi Alt 67(2)
€25

Táillí Binse

An Binse Luachála Athbhreithniú : Luacháil Maoine
Leibhéal na Táille 
nach mó ná €50
€95
Níos mó ná €50 ach nach mó ná €150
€125
Níos mó ná €150 ach nach mó ná €650
€300
níos mó ná €650
€500
An Binse Luachála Athluacháil : Luacháil Maoine
Leibhéal na Táille 
nach mó ná €20,000
€95
Níos mó ná €20,000 ach nach mó ná €50,000
€125
Níos mó ná €50,000 ach nach mó ná €250,000
€300
níos mó ná €250,000
€500
An Ard-Chúirt
Leibhéal na Táille 
An táille atá iníoctha ag páirtí a éilíonn ar an mBinse cás a shonrú agus a shíniú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte
€380

Loading