Reachtaíocht

Last updated at 10:09 on 29/07/2021

Reachtaíocht Phríomha

Is é an tAcht Luachála 2001 an phríomh-reachtaíocht lena rialaítear luacháil maoine in Éirinn ar mhaithe le cúrsaí rátúcháin. Tá leasú déanta ar an Acht sin roinnt uaireanta ón tráth ar tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2002.

Comhdhlúthú riaracháin ar an reachtaíocht lena rialaítear an Oifig Luachála

I Meán Fómhair 2016, chuir an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí comhdhlúthú riaracháin i gcrích i ndáil leis an Acht Luachála 2001, arna leasú, agus tá an tAcht athbhreithnithe, mar aon le nótaí, ar fáil anois ag http://www.lawreform.ie/

Rinne an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí comhdhlúthú riaracháin na reachtaíochta a ullmhú de réir a fheidhme faoin Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí 1975 (Uimh. 3 de 1975) maidir leis an dlí a choimeád faoi athbhreithniú agus maidir le hathchóiriú agus comhdhlúthú a dhéanamh ar an dlí reachtúil.

Le linn don Choimisiún um Athchóiriú an Dlí an tAcht Athbhreithnithe sin a ullmhú, rinne sé Achtanna uile an Oireachtais suas go dtí an tAcht Fuinnimh 2016 (Uimh. 12 de 2016), a achtaíodh ar an 30 Iúil 2016, agus an tAcht sin a áireamh, agus na hionstraimí reachtúla uile suas go dtí an tOrdú um an Acht Luachála 2001 (Luacháil Uileghabhálach) (Cionroinnt) (Líonra Tarchurtha RTÉ Teoranta) 2016 (I.R. 495 de 2016), a rinneadh ar an 24 Meán Fómhair 2016, agus an Ionstraim Reachtúil sin a áireamh, a bhreithniú.

Leasú ar an Acht Luachála 2001 le hailt 3 agus 4 d’Acht na gCúirteanna 2016 (Uimh. 22 de 2016)

STar éis don Choimisiún um Athchóiriú an Dlí an “Comhdhlúthú riaracháin” sin thuas a ullmhú, rinneadh alt 60 den Acht Luachála 2001 a leasú mar a leanas le halt 3 d’Acht na gCúirteanna 2016 - i mBéarla ámhain:

  Leasú ar alt 60 den Acht Luachála 2001

Leasaítear Alt 60 den Acht Luachála 2001 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

““(3) Maidir le deimhniú arna eisiúint de bhun alt 67(4) a thabhairt ar aird, ar deimhniú é a airbheartaíonn luach maoine arna chinneadh faoi alt 67(2) ag oifigeach don Choimisinéir nó ag duine eile arna údarú go cuí chun déanamh amhlaidh a lua, beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó an duine eile sin go raibh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gCoimisinéir deimhniú a dhéanamh amhlaidh, ina fhianaise leordhóthanach ar na nithe a luaitear sa deimhniú, go dtí go gcruthaítear a mhalairt.”.

Alt 3

Is foráil theicniúil í alt 3 d’Acht na gCúirteanna 2016 agus is é a dhéantar leis ná téacs nua a chur in ionad alt 60(3) den Acht Luachála 2001. Leis an téacs athbhreithnithe d’fho-alt (3), déantar foráil anois á rá gurb amhlaidh, maidir le deimhniú arna eisiúint faoi alt 67(4) ag oifigeach údaraithe, go mbeidh sé ina fhianaise leordhóthanach ar na nithe a luaitear sa deimhniú, go dtí go gcruthaítear a mhalairt. Seachnaíonn sé sin an gá le deimhnithe den sórt sin “a chruthú” ar shlí eile os comhair Binse nó os comhair na Cúirte.

Tháinig an fhoráil sin i bhfeidhm ar an 28 Nollaig 2016

De bhreis air sin, rinneadh alt 67 den Acht Luachála 2001 a leasú le halt 4 d’Acht na gCúirteanna 2016 mar a leanas:

Leasú ar alt 67 den Acht Luachála 2001

Leasaítear Alt 67 den Acht Luachála 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

““(2) D’ainneoin na n-alt sin roimhe seo den Acht seo, féadfaidh an Choimisinéir, i ndáil le maoin lena mbaineann agus a thagann faoi réim Sceideal 4, agus chun críocha na forála dá dtagraítear i bhfo-alt (9), tar éis iarratas a dhéanamh chuige nó chuici ina leith sin ag duine a dhealraíonn don Choimisinéir leas leordhóthanach a bheith aige nó aici san ábhar, a chur faoi deara luach na maoine a chinneadh ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (2A).

(2A) Má tá luach maoine le cinneadh chun críocha fho-alt 2, déanfar an cinneadh sin faoi threoir luachanna maoine inchomparáide eile ar liosta luachála láithreach (seachas luachanna ar liosta luachála arna fhoilsiú faoin Acht seo) a bhaineann leis an limistéar údaráis rátúcháin céanna ina bhfuil an mhaoin sin suite.”.

Alt 4

Baintear úsáid tairseacha luachála inrátaithe, mar shampla chun cáilitheachta a chinneadh i leith ruíleas a fháil de réir na reachtaíochta a bhaineann le bunchíosanna. Faoin Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978, tagann ceart an tionónta bunchíosa chun an ruíleas a fháil chun cinn i gcásanna inar lú méid an bhunchíosa bhliantúil ná luacháil inrátaithe na maoine lena mbaineann. Chun feidhmiú leantach an chirt sin, agus úsáid leantach i gcásanna eile a bhaineann le maoin neamh-inrátaithe, a éascú, cumasaíonn alt 67 d’Acht 2001 don Oifig Luachála deimhniú luachála inrátaithe a eisiúint chuig an tionónta bunchíosa i gcás maoin neamh-inrátaithe (i.e. maoin a áirítear i Sceideal 4 d’Acht 2001).

Chun an sásra tábhachtach sin, agus úsáid leantach luachála inrátaithe in ábhair nach bhfuil baint acu le dlínse na Cúirte Cuarda, a chaomhnú, cuireann alt 4 fo-alt nua (2A) in alt 67 d’Acht 2001. Déantar soiléiriú leis á rá go bhfuil na deimhnithe a eisítear faoin alt sin bunaithe ar luach maoine inchomparáide eile ar liostaí luachála a bhí ar marthain sular cuireadh an córas nua luachála i bhfeidhm, is é sin, a córas dá bhforáiltear faoi Acht 2001.

Tháinig an fhoráil sin i bhfeidhm ar an 28 Nollaig 2016.

An tAcht Luachála (Leasú) 2015

Mar thoradh ar an Acht Luachála (Leasú) 2015 tá roinnt athruithe tábhachtacha déanta ar chód na luachála inrátaithe lena rialaítear measúnú rátaí tráchtála in Éirinn

Le hAcht 2015, leasaítear roinnt forálacha de chuid an Achta Luachála 2001 agus tugadh isteach roinnt forálacha tábhachtacha nua. Ach tá Acht 2001 i bhfeidhm i gcónaí agus is é an príomh-Acht é lena rialaítear an dlí luachála.

Is ar an 8 Meitheamh 2015 a shínigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an Ionstraim Reachtúil lenar tosaíodh feidhm fhorálacha an Achta Luachála (Leasú) 2015, seachas alt 14 de.

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach ndearnadh feidhm alt 14 d’Acht 2015, lena leasaítear alt 28(5) d’Acht 2001, a thosú fós agus go ndéanfar a fheidhm a thosú ar leithligh ar dháta amach anseo atá le cinneadh.

The Irish Statue Book website keeps an electronic record of all Acts and Statutory Instruments. The links to the Acts governing the Valuation Office can be found below.

An tAcht Luachála (Leasú) 2015 - i mBéarla amháin

Seo a leanas teideal fada Acht 2015:

“Acht do leasú  An Achta Luachála 2001 (i méarla ámhain) agus d'éascú liostaí luachála a tharraingt suas agus a thiomsú agus a chothabháil ionas go mbeidh na luachálacha a shocraítear ar mhaoine inrátaithe i limistéar údaráis rátúcháin (a mhéid is indéanta le réasún) ceart agus cothromasach araon agus aonghnéitheach i gcoibhneas le chéile, do dhéanamh socrú maidir leis na háititheoirí féin do ghabháil gach céim nó céim amháin nó níos mó i ndáil le luacháil áitribh áirithe de láimh, do dhéanamh socrú i dtaobh nithe áirithe a bhaineann le maoin stáit agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.”

An tAcht Luachála (Leasú) 2015 – Forálacha Idirthréimhseacha - i mBéarla ámhain

Tá na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann leis an Acht Luachála (Leasú) 2015 (Uimh. 10 de 2015), agus na forálacha a bhaineann lena n-oibriú agus lena léiriú, leagtha amach in ailt 41 go 45 den Acht sin.

An tAcht Luachála 2001 - i mBéarla ámhain

Seo a leanas teideal fada an Achta Luachála 2001:

“Acht d'athmheas an dlí a bhaineann le luacháil a dhéanamh ar mhaoin d'fhonn rátaí a ghearradh i ndáil léi; do dhéanamh socrú nua i ndáil leis na hearnálacha maoine nach bhféadfar rátaí a ghearradh ina leith agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.” Is é an tAcht sin fós an príomh-Acht lena rialaítear luacháil maoine chun críoch luachála in Éirinn ach tá leasú déanta air.

Ionstraimí Reachtúla

Níl na hIonstraimí Reachtúla thíos ar fáil ach i mBéarla ámhain 

Cuireadh na IR-anna seo a leanas i bhfeidhm tar éis achtú an Achta Luachála (Leasú) 2015

S.I. No. 229 of 2015

An tOrdú um an Acht Luachála (Leasú) 2015 (Tosach Feidhme) 2015

Rialacháin maidir le Táillí

Tá roinnt Rialachán maidir le Táillí déanta ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil leis an Oifig Luachála agus leis an mBinse Luachála.

S.I. No. 302 of 2015

Na Rialacháin um an Acht Luachála 2001 (Achomharc chun an Bhinse) (Táillí) 2015

S.I. No. 303 of 2015

Na Rialacháin um an Acht Luachála 2001 (Achomharc chun an Choimisinéara) (Táillí) 2015

S.I. No. 307 of 2015

Na Rialacháin um an Acht Luachála, 2001 (Cás a Shonrú don Ard-Chúirt) (Táille) 2015

 

 

Loading