Céard a Dhéanaimid

Last updated at 12:29 on 05/01/2022

Is Oifig Rialtais neamhspleách sinn ar státseirbhísigh iad an fhoireann agus a bhfuil an Coimisinéir Luachála i gceannas uirthi. Is é Colm Lavery sealbhóir reatha an phoist seo, agus ceapadh chuig an bpost é faoi alt 9 d'Acht Luachála 2001.

Is é gnó lárnach na heagraíochta luachálacha cruinne, cothrom le dáta ar mhaoine tráchtála agus tionsclaíochta a chur ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis áitiúla Tá na luachálacha seo ina gcuid dhílis den chóras rátála tráchtála in Éirinn agus is iad atá mar bhonn ag gné an-suntasach d’ioncam rialtais áitiúil gach bliain.

null

Infographic tógtha ó Thuarascáil Bhliantúil 2020 (Sonraí i gceart amhail deireadh mhí na Nollag 2020)

Cuirimid seirbhís luachála ar fáil freisin do Ranna agus Oifigí Rialtais agus do ghníomhaireachtaí Stáit agus do chomhlachtaí poiblí eile. Tugaimid faoi luachálacha caipitil agus cíosa sa mhargadh oscailte lena n-áirítear luachálacha d’athbhreithnithe cíosa do na custaiméirí seo. Cuirtear luachálacha margaidh oscailte ar fáil do mhaoin atá á n-aistriú idir Ranna Rialtais, Comhlachtaí Stáit agus údaráis agus gníomhaireachtaí poiblí eile ar fud na tíre.

Is caomhnóirí sinn ar chartlann taifead ar leith a chuireann faisnéis agus léargas ar fáil ar stair shóisialta na hÉireann le linn na tréimhse idir 1850 agus 1990. Cuireann na taifid seo acmhainn shárluachmhar ar fáil do thaighde ginealaigh agus staire.

Loading