Saoráil Faisnéise

Last updated at 12:28 on 14/03/2022

Leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise foráiltear gurb amhlaidh, le héifeacht ón 21 Aibreán 1998, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • An ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile atá liostaithe sna hAchtanna;
  • An ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile atá liostaithe sna hAchtanna;
  • An ceart chun cúiseanna a fháil maidir le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí ar cinntí iad a dhéanann difear dóibh

TCiallaíonn na cearta sin gur féidir le daoine rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leo agus a choimeádtar is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeidh rochtain le fáil ar thaifid a cruthaíodh roimh an 21 Aibreán 1998, go háirithe má bhíonn na taifid sin ag teastáil mar chabhair maidir le tuiscint a fháil ar thaifid a cruthaíodh tar éis theacht i bhfeidhm an Achta ar an 21 Aibreán 1998.

Cineálacha Taifead

Faoi réir díolúintí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann faoi fhorálacha Acht 2014, tagann na taifid seo a leanas faoi réim an Achta:

  • Gach taifead pearsanta a choimeádann an Oifig beag beann ar an tráth ar cruthaíodh iad
  • Gach taifead a cruthaíodh ón dáta tosach feidhme, is é sin, an 21 Aibreán 1998
  • Gach taifead eile a bhfuil gá leis chun taifead reatha a thuiscin

Iarraidh a dhéanamh

Is ceart iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:

An tAonad Saorála Faisnéise
An Oifig Luachála 
Ionad Irish Life 
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 E9X0

Teil: 01-8171000
Facs: 01-8171180

le ríomhphost chuig FOI@valoff.ie

Ní mór duit a lua i do litir go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Iarrtar ort a oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt chun cabhrú linn an taifead a shainaithint. Má theastaíonn an fhaisnéis a fháil i bhformáid ar leith (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, etc.), is ceart an méid sin a lua i d’iarratas. Cuir uimhir theileafóin i rith an lae ar fáil le go bhféadfaidh an té a bheidh ag déileáil le d’iarratas teagmháil a dhéanamh leat i gcás ina bhfuil gá le haon soiléiriú i ndáil le d’iarratas.

Tá sé de cheangal ar an Oifig Luachála admháil á rá go bhfuarthas iarraidh faoin Acht a thabhairt laistigh de dhá sheachtain agus tá oibleagáid uirthi freagra a thabhairt ar an iarraidh laistigh de 4 seachtaine

Cuardach agus Aisghabháil, Táillí ar Fhótachóipeáil

Ní mhuirearófar aon táille i leith taifid phearsanta, is é sin, i ndáil le cuardach agus aisghabháil taifead nó i ndáil le fótachóipeáil, ach amháin i gcás ina bhfuil líon mór taifead i gceist.

Maidir le faisnéis nach faisnéis phearsanta í, féadfar táillí a mhuirearú i leith an ama a chaitear ar aimsiú agus ar chóipeáil taifead, agus iad bunaithe ar ráta caighdeánach san uair an chloig (€20.00 san uair an chloig). Maidir le fótachóipeáil, muirearaítear táille €0.04 in aghaidh an leatháin.

Ní fhéadfar aon táillí a bheith ann i leith an ama a chaitheann an Oifig chun iarrataí a bhreithniú.

D’fheadfadh sé go mbeidh éarlais iníoctha i gcás inar dócha go mbeidh an táille iomlán níos mó ná €101.00. Sna himthosca sin, tabharfaidh an Oifig fógra duit ina leith agus, más mian leat, tabharfar cabhair duit i leith an iarraidh a leasú d’fhonn méid na táille a laghdú nó d’fhonn fáil réidh leis an táille.

Is ceart táillí a íoc le hordú poist, le dréacht bainc nó le seic agus é iníoctha leis an gCoimisinéir Luachála. Ar an drochuair, ní féidir linn glacadh le híocaíocht ar mhodh cárta creidmheasa nó cárta dochair faoi láthair.

Athbhreithniú Inmheánach

Má bhíonn tú míshásta leis an gcinneadh tosaigh, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg agus déanfaidh oifigeach ag leibhéal níos airde an t-athbhreithniú sin. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg freisin más rud é nach bhfaigheann tí freagra laistigh de 4 seachtaine ón tráth a ndearna tú an t-iarratas tosaigh.

Ní mór iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a thíolacadh laistigh de 4 seachtaine ón tráth a bhfaightear an cinneadh tosaigh (nó ón dáta ar a raibh an cinneadh dlite i gcás nach bhfaightear freagra). Ní mór don Oifig Luachála an t-athbhreithniú a chur i gcrích laistigh de 3 seachtaine.

Níl aon táille ann i ndáil le hiarraidh ar athbhreithniú a bhaineann le taifid phearsanta. Ach is gá táille €30 a íoc i gcás athbhreithniú inmheánach ar chinneadh i ndáil le taifid nach taifid phearsanta iad (€10 i gcás sealbhóirí cárta liachta nó a gcuid cleithiúnaithe).

Níl aon táille iníoctha i gcásanna ina lorgaítear athbhreithniú ó tharla nach bhfaightear freagra ar an iarraidh thosaigh.

Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise

Má bhíonn tú míshásta leis an athbhreithniú inmheánach, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise i gcoinne an chinnidh. Más rud é nach bhfuil freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach faighte agat laistigh de 3 seachtaine, meastar gurb ionann sin agus diúltú agus féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir maidir leis an ábhar. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Choimisinéara agus ní féidir achomharc a dhéanamh ina choinne ach amháin chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí.

Is ceart achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn chuig an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97

Níl aon táille ann i ndáil le hiarraidh ar achomharc a bhaineann le taifid phearsanta. Ach is gá táille €50 a íoc i gcás athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise i ndáil le taifid nach taifid phearsanta iad (€15 i gcás sealbhóirí cárta liachta nó a gcuid cleithiúnaithe). Ní gá aon táille a íoc i gcás ina bhfuil achomharc á lorg ó tharla nach bhfaightear freagra maidir leis an athbhreithniú inmheánach.

Teagmhálaithe

Valuation Office

An tAonad Saorála Faisnéise
An Oifig Luachála 
Ionad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 E9X0

Teil: 01-8171000
Facs: 01-8171180
Email: FOI@valoff.ie

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2

Teil 01-6395689

Láithreán Gréasáin https://www.oic.ie/

Saoráil Faisnéise - Lár-Aonad Beartais

An Roinn Airgeadais

Láithreán Gréasáin http://www.foi.gov.ie/

Loading