Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE)

Last updated at 12:31 on 28/03/2019

An AE agus Coinbhinsiún Aarhus - Cúlra maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE) in Éirinn

Trasuíodh Treoir 2003/4/CE maidir le Rochtain Phoiblí ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus leis an gcéad Cholún de Choinbhinsiún Aarhus, i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go dtí 2014 dá ngairtear anseo ina dhiaidh seo mar Rialacháin an AIE.

Déanann Rialacháin an AIE sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil, cur síos ar an tslí inar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí, agus ar an tslí a cheanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais, mar shampla frámaí ama i gcomhair freagra.

Déantar foráil le Rialacháin an AIE do nós imeachta achomhairc foirmiúil ar a dtugtar athbhreithniú inmheánach sa chás ina bhfuil duine míshásta leis an gcinneadh maidir lena n-iarratas. Má tá iarratasóir fós mí-shásta tar éis athbhreithniú inmheánach féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI) chun cinneadh neamhspleách a fháil maidir leis an ábhar. 

Sainmhíniú ar Údarás Poiblí faoin AIE

Déantar cur síos leathan i Rialacháin an AIE ar "údaráis phoiblí" chun gach comhlacht a bhfuil ról aige i riarachán poiblí a chuimsiú. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil an sainmhíniú sin níos leithne ó thaobh scóip de ná an cur síos ar "chomhlacht poiblí" sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise

Sainmhíniú ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Is mar seo a leanas a dhéanann Rialacháin an AIE cur síos ar fhaisnéis faoin gcomhshaol:

“aon fhaisnéis i bhfoirm scríofa, físiúil, closamhairc, leictreonach nó aon ábhar eile maidir le—

  • staid na n-eilimintí comhshaoil, amhail aeir agus atmaisféir, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus suíomhanna nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, áiteanna cósta agus farraige, éagsúlacht bitheolaíoch agus a comhábhair, lena n-áirítear orgánaigh géinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht idir na heilimintí seo,
  • fachtóirí, amhail substaintí, fuinneamh, torainn, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí agus scaoilte eile san chomhshaol, a chuireann isteach nó a d'fhéadfadh cur isteach ar eilimintí an chomhshaoil,
  • bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail polasaithe, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a chuireann isteach nó a d'fhéadfadh cur isteach ar eilimintí agus fachtóirí a raibh tagairt déanta dóibh i mír (1) agus (2) chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí a dearadh chun na heilimintí a chosaint,
  • tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta comhshaoil,
  • anailísí agus tuairimí eacnamaíocha agus luachmhara ó thaobh costais de a úsáidtear laistigh de fhráma na mbeart agus na ngníomhaíochtaí a ndearnadh tagairt dóibh i mír (3), agus
  • staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear truailliú an bhiashlabhra, nuair is cuí, dálaí shaol an duine, suíomhanna cultúrtha agus struchtúir thógtha mar atá nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu ag staid na n-eilimintí comhshaoil a ndearnadh tagairt dóibh i mír (a), nó trí na heilimintí sin, nó ag aon cheisteanna a ndearnadh tagairt dóibh i mír (2) agus (3)

Dualgais atá ar Údaráis Phoiblí

Faoi Rialacháin an AIE, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol arna coinneáil ag údarás poiblí nó thar a cheann a chur ar fáil ar iarratas; faoi réir ag eisceachtaí ar leith. Ceanglaíonn rialacháin an AIE ar údaráis phoiblí faisnéis faoin gcomhshaol a dháileadh go gníomhach ar an bpobal.

Scálaí ama

Go ginearálta ceanglaítear ar údarás poiblí freagra a thabhairt ar iarratas AIE laistigh de mhí amháin tar éis an t-iarratas a bheith faighte. Sa chás nach bhfuil an t-údarás áitiúil in ann freagra a thabhairt laistigh de mhí amháin mar gheall ar chastacht nó méid an iarratais arna iarraidh, ceanglaítear orthu scríobh chuig an iarratasóir laistigh den mhí, ag léiriú cén nuair a bheidh freagra á eisiúint. Níor chóir go mbeadh an dáta sin níos mó ná dhá mhí tar éis an iarratais bhunaidh a bheith tugtha.

Transfers

Mura bhfuil an t-iarratas arna iarraidh ag an údarás áitiúil féadfaidh sé an t-iarratas a aistriú chuig údarás poiblí eile nó comhairle a chur ar an iarratasóir faoin áit a chreideann sé ar cheart an t-iarratas a chur. I gceachtar cás, caithfear é sin a chur in iúl don iarratasóir.

Táillí

Ní ghearrtar aon táille thosaigh as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Mar sin féin, is amhlaidh go gceadaítear d'údarás poiblí leis na Rialacháin táille réasúnach a ghearradh as an gcostas a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar agus, mar sin de, shocraigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil na táillí seo a leanas:

  • Taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil: €20.00 san uair
  • Fótachóipeáil: €0.04 sa leathán
  • CD Rom: €10.00
  • Radagraf: €6.00

Tabharfar eolas sa litir chinnidh dheiridh faoi aon táillí a ghearrfar.

Iarraidh a dhéanamh

Is ceart iarrataí dhéanamh i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:

An tAonad Saorála Faisnéise
An Oifig Luachála 
Ionad Irish Life 
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 E9X0

Teil: 01-8171000
Facs: 01-8171180

le ríomhphost chuig FOI@valoff.ie

Loading