Faisnéis do Sholáthróirí

Last updated at 10:09 on 29/07/2021

Beartas maidir le hEarraí agus Seirbhísí a Fháil

Procurement in the Valuation Offices adheres to National & EU legislation. The Office has developed procurement policies in line with the Office of Government Procurement (OGP) guidelines which are designed to ensure fairness, transparency, value for money and promote best practice throughout all stages of the procurement process. 

Information on the Office of Government Procurement (OGP) can be found on their website at: www.ogp.gov.ie

Beartas maidir le hÍoc Pras Cuntas

Tá an Oifig Luachála tiomanta i leith gach iarracht a dhéanamh íocaíocht a dhéanamh go pras maidir le sonraisc ó sholáthróirí. I dtaca leis sin de, is féidir le soláthróirí cabhrú linn tríd an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Tá ár n-uimhir cheart ordaithe ceannaigh luaite i ngach sonrasc
  • Ní mór gach sonrasc i leith íocaíochta a chur le ríomhphost go díreach chuig accounts_payable@valoff.ie
  • Tá mionsonraí cruinne faoin gcuntas bainc curtha ar fáil
  • Tá seoladh ríomhphoist ceart curtha ar fáil ar mhaithe le fógraí faoin íocaíocht a fháil
  • Tá ainm an duine a d’ordaigh na hearraí/na seirbhísí luaite sa sonrasc
  • I gcás conarthaí seirbhíse poiblí ar fiú €10,000 (agus CBL san áireamh) nó níos mó iad, laistigh d’aon tréimhse 12 mhí, ní mór don chonraitheoir Deimhniú Imréitigh Canach bailí ó Choimisinéirí Ioncaim na hÉireann a thabhairt ar aird. Is féidir mionsonraí iomlána faoi nósanna imeachta imréitigh cánach a fháil ag http://www.revenue.ie/en/tax/it/leaflets/guidelines-tax-clearance.html

Orduithe Ceannaigh 

Déanfar mionsonraí faoi gach ordú ceannaigh is mó ná €20,000 a fhoilsiú anseo ar bhonn ráithiúil mar riaráistí cúig go sé seachtaine tar éis dheireadh na ráithe. 

Reachtaíocht

Déantar íoc sonrasc ag an Oifig Luachála a rialú leis an Acht um Íoc Pras Cuntas 1997, arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht a Dhéanamh Déanach in Idirbhearta Tráchtála) 2002. Leis na rialacháin a bhfuil feidhm acu leis an earnáil phoiblí agus leis an earnáil phríobháideach araon, tugtar teidlíocht uathoibríoch chun ús agus cúiteamh a fháil más rud é má bhíonn an íocaíocht i leith idirbhearta tráchtála déanach.

Más rud é nach bhfuil an dáta nó an tréimhse i gcomhair íocaíochta socraithe sa chonradh, tá an creidiúnaí i dteideal ús a fháil i leith íocaíocht dhéanach tar éis dheireadh aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:

30 lá féilire tar éis an dáta a bhfaightear earraí nó seirbhísí nó tar éis dháta an tsonraisc nó dháta aon iarrata coibhéisí ar íocaíocht, cibé acu is déanaí Is é atá sa ghnáth-spriocam le haghaidh íocaíochtaí ag údaráis phoiblí agus ag gnóthaí ná 30 lá. Ní féidir tráth na híocaíochta a fhadú go suas go 60 lá ach amháin más rud é “go gcomhaontaítear amhlaidh go sainráite” agus go bhfuil bonn leis an bhfadú i bhfianaise chineál nó shaintréithe an chonartha.

Mar ábhar beartais, féachann an Oifig Luachála le gach sonrasc soláthróra a íoc laistigh de na téarmaí comhaontaithe mar atá sonraithe ina hordú ceannaigh. Más rud é, áfach, nach sonraítear amhlaidh sa sonrasc, agus d’ainneoin go rachaidh an Oifig i dteagmháil leis an soláthróir ina thaobh sin a luaithe is féidir, ní féidir léi, mar sin féin, glacadh le freagracht i ndáil le moilleanna a éiríonn as sin agus, dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag ús ná pionóis i leith íocaíocht phras i gcás den sórt seo.

Ón 1 Eanáir 2014 i leith, is é atá sa ráta úis reatha i leith íocaíocht dhéanach ná 8.25% sa bhliain (ar ráta é atá bunaithe ar ráta BCE, is é sin, 0.25% móide corrlaigh 8%). Is ionann an ráta sin agus ráta laethúil 0.023%. Is ceart ús pionóis atá dlite i leith íocaíochtaí déanacha a ríomh ar bhonn laethúil. De bhreis ar ús a fháil i leith íocaíocht dhéanach, tá an soláthróir i dteideal cúiteamh uathoibríoch €40 a fháil más lú ná €1,000 méid an tsonraisc.

Ní leagtar aon oibleagáid síos sa reachtaíocht maidir le híocaíocht a thabhairt do sholáthróir nár chomhlíon na ceanglais a bhaineann le deimhniú imréitigh cánach. Ní dhéanann an tAcht aon difear do cháin choinneála a asbhaint ó aon íocaíocht a thugtar do sholáthróir.

Loading