Sula nDéantar Uiríll

Last updated at 12:51 on 09/02/2022

Ba chóir duit an Deimhniú Luachála Beartaithe agus an Litir Mhíniúcháin a seoladh chugat le gairid a léamh go cúramach sula ndéantar Uiríll. Tugtar eolas sa cháipéisíocht sin ar an mbealach ar ríomhadh an Luacháil Bheartaithe.

Ní mór uiríll bhailí a dhéanamh taobh istigh de 40 lá ón dáta a n-eisítear do Dheimhniú Luachála Beartaithe. Chun Uiríll bhailí a dhéanamh, éileofar ort gnéithe áirithe den luacháil a fhíorú, na forais ar a bhfuil tú ag déanamh uiríll a roghnú, do thuairim a thabhairt maidir le cad is luacháil chóir agus réasúnach ann, ríomh na luachála i do thuairim a thabhairt agus fianaise a chur ar aghaidh le tacú le do chás. 

Moltar go láidir duit eolas a chur ar ár gcuid Treoirlínte maidir leis an bhFoirm Uiríoll a chomhlánú sula leanann tú ort. Tá míniúcháin mhionsonraithe ar gach céim le fáil sa Treoir sin. A luaithe a bheidh eolas agat ar na ceanglais, féadfaidh tú Uiríll a dhéanamh trí chliceáil ar an nasc thíos. Teastóidh d'Uimhir Maoine agus PIN uait atá le fáil ar an Deimhniú Luachála Beartaithe. 

Comhaontuithe Tionóntachta/Léasa 

Ag brath ar nádúr na maoine, d'fhéadfaí iarraidh ort tuilleadh mionsonraí a thabhairt maidir le haon chomhaontú tionóntachta/léasa atá i bhfeidhm faoi láthair lena n-áirítear an cíos reatha agus aon fhachtóirí nó aon chomhaontuithe eile a bhain leis an gcíos a shocrú. Féadfaidh tú leas a bhaint as an bhFoirm Achoimre Léasa chun an t-eolas seo a chur ar fáil. 

Fianaise Thacaíochta i gcás Tithe Tábhairne 

Sa chás go bhfuil Teach Ósta ar áitiú agat, ní mór duit an Fhoirm LP1 a chur ar ais mura bhfuil sin déanta cheana agat 

Fianaise Thacaíochta i gcás na gCatagóirí Tionscail seo a leanas: 

Carrchlóis, Páirceanna Carbhán, Pictiúrlanna, Tithe Aíochta, Brúnna, Tithe Altranais, Calafoirt, Cairéil/Claiseanna Gainimh, Stáisiúin Seirbhíse, Staideanna/Rásraonta agus Feirmeacha Gaoithe. Tá mionsonraí maidir leis an bhfianaise thacaíochta atá de dhíth maidir leis na maoine sin le fáil ach cliceáil anseo (i mBéarla ámhain).

 Ní mór tagairt a dhéanamh ar an bhFoirm Uiríoll, tráth a mbítear á cur ar aghaidh, don fhianaise uile a mbeidh sé i gceist agat brath uirthi nó aon chuid den fhianaise sin. 

Forchoimeádann an Oifig Luachála an ceart tuilleadh fiosruithe a dhéanamh nó tuilleadh eolais a lorg a mheasfar a bheith riachtanach chun na hUiríll a bhreithniú. 

Sa chás ar chúis ar bith, nach mbeadh tú ábalta Uiríll a dhéanamh ar líne, déan teagmháil linn le do thoil ag an uimhir 01 8171033 nó LoCall 1800 531 431, agus seolfaimid foirm chugat. Bíonn an líne chabhrach seo ar fáil ón 9.30am go dtí 5.30pm Luan go hAoine, gan saoirí poiblí san áireamh. 

Tabhair ar aird gurb é an spriocdháta céanna atá ann chun aighneachtaí a dhéanamh ar líne agus cóip chrua a chur ar aghaidh, i.e. ní cheadófar aon síneadh ama. 

Déantar Uiríll (i mBéarla ámhain)

Loading