Athluacháil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (Cartlann)

Last updated at 13:20 on 16/09/2022

Fáilte chuig leathanach eolais na hOifige Luachála maidir le hathluacháil a dhéanamh ar gach maoin inrátáilte i limistéir údaráis áitiúil Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Ón leathanach seo beidh tú ábalta an t-eolas is déanaí a fháil maidir leis an ngníomhaíocht Athluachála atá ar bun ag an Oifig Athluachála i do limistéar féin.  Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil an fhaisnéis seo á nuashonrú a thuilleadh agus mar sin seans nach n-oibreoidh naisc.

null

D’aontaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis an gCoimisinéir Luachála go ndéanfaidh an Coimisinéir athluacháil na réadmhaoine inrátaithe i limistéar údaráis áitiúil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a chur siar go dtí 2023.

Tá litir seolta chuig gach íocóir rátaí maidir leis an iarchur.

Preasráiteas Oifigiúil Ceisteanna a Chuirtear go MinicLitir Shamplach (Márta 2022)

Nuashonruithe Roimhe Seo:

Deireadh Fómhair 2019

Síníodh an tOrdú Luachála nua i ndiaidh próiseas comhairliúcháin reachtúil idir an Coimisinéir Luachála, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus na hÚdaráis Áitiúla.

Is cuid de chlár náisiúnta leanúnach í an athluacháil lena chinntiú go léiríonn an luacháil inrátáilte ar gach maoin tráchtála agus thionsclaíoch in Éirinn an timpeallacht ghnó chomhaimseartha. Is éard is cuspóir leis an athluacháil tuilleadh trédhearcachta agus cothromais a thabhairt isteach i gcóras rátála na n-údarás áitiúil. Nuair a bhíonn athluacháil déanta, bíonn caidreamh níos dlúithe agus níos aonfhoirmí idir na luachanna cíosa bliantúla reatha atá ar mhaoine tráchtála agus a ndliteanas rátaí tráchtála.

Níl maoin chónaithe ná tailte talmhaíochta inrátáilte agus ní bhíonn aon tionchar ag an athluacháil orthu dá réir.

Foilseofar na luachálacha nua maidir leis na ceantair a bhfuil athluacháil á déanamh orthu in 2021 agus tiocfaidh siad in éifeacht chun críocha rátála ó 2021 ar aghaidh.

Bealtaine 2020

Mar gheall ar thionchar COVID-19, tá comhaontaithe ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus ag an gCoimisinéir Luachála an athluacháil ar mhaoine inrátaithe i limistéar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin a chur siar go dtí an bhliain 2021.

Is i Meán Fómhair 2021 anois a thabharfar luachálacha nua a d'eascair as an athluacháil a rinneadh i limistéar údaráis rátúcháin Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin chun críche agus go dtiocfaidh sin in éifeacht chun críocha rátaí ó 2022 ar aghaidh. Tá sin ag teacht leis an amlíne chun luachálacha nua in Athluacháil 2021 Údaráis Áitiúla Chomhairlí Chontae an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a thabhairt chun críche.

Baineann an cinneadh seo go sonrach leis an athluacháil ar Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin, a raibh sé beartaithe í a thabhairt chun críche sa bhliain 2020, agus níl aon tionchar lena hais sin i gceist.

Tá litir seolta chuig gach íocóir rátaí maidir leis an iarchur 

Preasráiteas OifigiúilCeisteanna a Chuirtear go MinicLitir Shamplach (Bealtaine 2020)

Is féidir Ceisteanna a Chuirtear go minic maidir le hAthluacháil a fháil anseo

Feabhra 2021

Mar gheall ar COVID-19, tá an athluacháil ar mhaoine inrátaithe i limistéar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin curtha siar arís inniu (24 Feabhra 2021) ó 2021 go dtí 2022 ag an gCoimisinéir Luachála le cead ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Is i Meán Fómhair 2022 anois a thabharfar luachálacha nua a d'eascair as an athluacháil a rinneadh i limistéar údaráis rátúcháin Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin chun críche agus go dtiocfaidh sin in éifeacht chun críocha rátaí ó 2023 ar aghaidh. Tá sin ag teacht leis an amlíne chun luachálacha nua in Athluacháil 2021 Údaráis Áitiúla Chomhairlí Chontae an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a thabhairt chun críche agus tá an athluacháil sin curtha siar chomh maith.

Seoladh litir ar an 10 Márta 2021 chuig gach íocóir rátaí maidir leis an iarchur eile

Preasráiteas OifigiúilCeisteanna a Chuirtear go MinicLitir Shamplach (Márta 2021)

Pacáistí Eolais maidir le hAthluacháil

Seoladh Pacáistí Eolais maidir le hAthluacháil chuig gach áititheoir ábhartha i limistéir údaráis rátála Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin an 15 Deireadh Fómhair 2019.

Faoi na hAchtanna Luachála, tá sé d'oibleagáid ar íocóirí rátaí de réir dlí an t-eolas ata iarrtha ar an bhfoirm atá leis seo a chur ar fáil. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an gcóip chrua atá leis seo a sheoladh ar ais chugainn nó trí logáil isteach ar an tairseach ar líne

Foirm Eolais Athluachála ar líne (i mBéarla ámhain)

Is féidir samplaí de gach ceann de na doiciméid atá sa phacáiste a fháil anseo:

Litir ChumhdaighFoirm Eolais AthluachálaLeabhrán Eolais Athluachála

Tuilleadh Eolais

Fón: 01 8171033 nó ar chostas glao áitiúil 1800 531 431

Ríomhphost: revaldunlrath@valoff.ie

Bíonn an líne chabhrach seo ar fáil  ó Luan go hAoine 9rn - 1in agus 2in - 5in (gan saoirí poiblí san áireamh)

Orduithe Luachála

Shínigh an Coimisinéir Luachála, John O'Sullivan, Ordú Luachála an 15 Deireadh Fómhair 2019 do limistéir údaráis rátúcháin Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin.</>

I mBealtaine 2020, mar gheall ar Covid 19, chomhaontaigh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil leis an gCoimisinéir Luachála go gcuirfí siar an Athluacháil ar Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin go dtí an bhliain 2021. D'fhonn éifeacht a thabhairt don chinneadh sin, rinne an Coimisinéir, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi alt 21(4) den Acht Luachála 2001 (arna leasú), le toiliú an Aire, ordú ar an 11 Meán Fómhair 2020 chun dáta foilsithe nua den 15 Meán Fómhair 2021 a thabhairt maidir le liosta luachála DLR chomh maith le dáta éifeachta nua den 29 Deireadh Fómhair 2021 a thabhairt.</>

I bhFeabhra 2021, chomhaontaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Coimisinéir Luachála go gcuirfeadh an Coimisinéir an athluacháil siar arís go dtí an bhliain 2022. D'fhonn éifeacht a thabhairt don chinneadh sin, rinne an Coimisinéir, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi alt 21(4) den Acht Luachála 2001 (arna leasú), le toiliú an Aire, ordú ar an 29 Márta 2021 chun dáta foilsithe nua den 15 Meán Fómhair 2022 a thabhairt maidir leis na liostaí luachála chomh maith le dáta éifeachta nua den 28 Deireadh Fómhair 2022 a thabhairt.

Is féidir an Bunordú Luachála nó ceachtar ceann de na hOrduithe faoi Alt 21(4) a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc cuí thíos:

DLROrdú faoi Alt 21(4) (Meán Fómhair 2020)Ordú faoi Alt 21(4) (Márta 2021)

Loading